FÁILTE CHUIG SNOWDONIA!

Deirtear gur anam na Breataine Bige é Snowdonia agus gur ceann do na ceantair is ársa agus is áille san Eoraip é.

Tugadar Eryri (áit na n-iolar) air sa Bhreatnais. Fáiltíonn Snowdonia cuairteoirí chuig timpeallacht nádúrtha fíor-álainn ina bhfuil Páirc Náisiúnta Snowdonia ina chroílár dó. Chónaigh, d’oibrigh agus mhair daoine sa láithréan Cheilteach speisialta seo le breis agus 5000 bliain. An oidhreacht atá acu ná talamh a chuirfidh iontas ar an gcuairteoir lena seansana saibhre don ghníomhaíocht, eachtraíocht agus fionnachtain.

Tá neart le déanamh agus le feiceáil, mar sin tar agus tabhair cuairt ar roinnt de shuntasaí turasóireachta Thuaisceart na Breataine Bige. Is féidir na ceangail thíos a leanúint chun eolas a fháil ar na suntasaí indibhidiúil.

TUAISCEART SNOWDONIA

Sa 13 haois thóg Rí Eadbhard 1 ó Shasana fáinne Caisleáin chun Tuaisceart na Breataine Bige a ghabháil. Is Láithreán Oidhreachta Dhomhanada atá sna daingin ollmhóra seo (ag Caernarfon, Conwy, Beaumaris agus Harlech). Tá caisleáin freisin ann a bhain le prionsaí Breatnaise ar fáil ag Dolbadarn, Dolwyddelan agus Criccieth (ghabh Eadbhard 1 iad níos déanaí). Tá na caisleáin seo ar fad faoi chúram Cadw.

Caisleáin Penrhyn, atá ina áitreamh den Chomhlacht Codaigh Náisúinta, suite díreach taobh amuigh de Bhangor. Tógadh an caisleáin idir na blianta 1827 – 1840 don chlann saibhir Pennant ó na brabúis a fuaireadar ó shláta Breatnaise. Tá an caisleán lán le nithe spéisiúla agus tá sé timplithe ag acraí de thalamh agus páirceanna áille.

Is féidir cuairt a thabhairt ar Mhúsaem Bangor agus an Dánlann (Bangor Museum and Art Gallery) chun níos mó staire spéisiúil faoi Thuaisceart na Breataine Bige a aimsiú agus tú i mBangor. Déan seiceáil ar an gclár atá ag an ionad maidir leis na taispéantaisí ealaíne agus staire a chuireann siad ar fáil.

Tá an buaiteoir duaise Green Wood Forest Park, atá an-oiriúnach le haghaidh gníomhaíochtaí clainne, suite idir Bangor agus Caernarfon ar an B4366. Ansin, is féidir leat sleamhnú síos an sleamhnán is faide san Bhreatain Bheag, ag taisteal ar rollercoaster a oibríonn ar chumhacht duine, tú féin a tharraingt ar bhád dufair nó éirí caillte i míthreoir.

I Caernarfon tá buaiteoir duaise clainne eile ar fáil ar a dtugtar, The Fun Centre nó Yr Hwylfan sa Bhreatnais. Tá sleamhnáin titim ollmhóra 25tr, linn liathróidí agus sleamhnáin sorcóireacha le fáil sa ionad súgartha taobh istigh is mó agus is fearr i dTuasiceart na Breataine Bige.

Is féidir bualadh isteach chuig an Inigo Jones Slateworksagus tú ag taisteal amach ó Chaernarfon ar an A487 chun na hoibrí a fheiceáil ag gearradh, ag cur snas ar agus ag greanadóireacht sláta. Is féidir cuairt a thabhairt ar na seomraí seo atá acu chun an sláta atá ar chaighdeán an-ard agus earraí eile Ceilteachaa cheannach.

Tá seans ionatch dul ar siúlóid trí 70 acra de chrainn agus plandaí coimhthíocha i Parc Glynllifon ar am mbóthar cósta A499. Tugadh an rún is fearr a bhí ag an mBreatain Bheag ar an áit seo tráth. Tá siopaí oibre gréas agus ealaíne, gailleirí agus siopa ann.

SNOWDONIA LÁIR

Is é Llanberis, an baile ag bun Snowdon, atá ina shuíomh ag roinnt de na príomh shuntaisí i dTuaisceart na Breataine Bige.

Tugtar cuairteoirí go barr na sléibhe is aired sa Bhreatain Bheag ar Iarnród Sliabh Snowdon, an t-aon iarnród poiblí raca agus pinniún atá ar fáil sa Bhreatain. Tugann amharclann fís agus fuaime thú ag teacht aníos chuirtear ar an eolas thú trí thaifead réamhdhéanta de roinnt de na rúnta a bhaineann le Snowdonia.

Tá ealaín, siopaí agus café le fáil sa Ionad Cuairteoirí Sliabh Leictreach (Electric Mountain) agus ina theannta sin tá sé ar an bpoinnte tosaigh do thurais faoi thalamh chuig Stáisiún Cumhachta Dinorwig, atá suite go doimhin istigh i Sliabh Elidir. Is ann a chuirtear ar an eolas thú maidir le conas a úsáidtear uisce chun cumhacht a thabhairt do náisiún.

Thíos an bhóthair tá an Músaem Náisiúnta Sláta ar fáil. Tá sé suite faoi scáth na sléibhte sláta ins na bun siopaí oibre Victeoiriach. Is músaem oibritheach beo é a insíonn an scéal den tionscail sláta i dTuaisceart na Breataine Bige. Tá idir thaispeántaisí gearradh slátaí, Tithe na bhFir Cairéil a bhruil lán le troscáin agus roth uisce ollmhór ar fáil anseo.

Trasna ón Músaem Sláta tá Iarnród Loch Llanberis a chuireann turas cúig míle ar fáil ar thraein gal caol stairiúil. Taistealaíonn an traein thar Chaisleán Dolbadarn ársa agus ritheann sé ansin taobh le cladach Llyn Padarn, ag baint taitneamh as na radharcanna áille thar an loch i dtreo Snowdon.

Tá an Iarnród Locha agus an Músaem Sláta suite i bPáirc Tuaithe Padarn, láithreáin coillte 800 acra ar fad. Tugann sé freisin an seans duit cuairt a thabhairt ar Ospidéal Cairéil nó siúlóidí nádúir agus oidhreachta a dhéanamh.

CÓSTA AGUS FAOIN TUATH

Tá Gairdín Bodnant suite ocht míle ó dheas ó Llandudno, gar don A470, áit ar féidir leat taitneamh a bhaint as 80 acra de ghairdíní fíor áille. Tugann na gairdíní seo dath agus spéis dúinn ón Earrach ar aghaidh chuig an bhFómhair.

Is féidir na Muillinn Ollainn Trefriw a aimsiú trasna na habhann ar an B5106 idir Conwy agus Betws y Coed, áit a bhfuil an clann céanna ag táirgeadh scarified leapa thraidisiúnta Breatnaise le breis agus 140 bliain. Brathnaigh ar an bhfíodóireacht agus na tuirbíní hiodra-leictreacha sula thugann tú cuairt ar an siopa le seans a fháil na táirgí iontacha seo a cheannach.

“Breathnaigh ar ar an bhfíodóireacht agus na tuirbíní hiodra-leictreacha. Tá scarified leapa thraidisiúnta Breatnaise agus bréidín ar fáil in ár seo chomh maith le héadaí atá déanta as fíor ollainn. Tabhair cuairt ar ár siopa atá ar an idirlíon.”

Ag taisteal ó Betws y Coed i dtreo Beddgelert síos an glean drámatúil Gwynant, tagann tú ar Mianach Copair Sygun, áit ar féidir leat na tolláin casta de na sean oibreacha a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as na gcruthanna iontacha atá déanta ag na stalaitít agus stalaigmít, nó d’fhéadfá fiú lámh a thabhairt ar roinnt óir a aimsiú.

Má tá tú réidh le haghaidh roinnt spraoi clainne, buail isteach chuig an Ionad Gníomhaíochta Páirc Glasfryn ag Y Ffor, ar an A499 díreach sula shroicheann tú Pwllheli. Tá idir go-cairteanna, quad trekking, boghdóireacht agus babhléireacht deich bpoinne ar fáil ann chun gach duine a choimeád gnóthach. Tá an seans ann freisin táirgí áitiúla a cheannach sa Siopa Feirme.

Ó dheas ó na sléibhte, osclaíonn Snowdonia amach ina gcósta de thránna áille glana agus is ann a sheasann an Caisleán álainn Criccieth. I Llanystumdwy, atá suite gar do Criccieth, is féidir leat cuairt a thabhairt ar Mhúsaem Amgueddfa Lloyd George and eolas a bhailiú ar shaol agus tréimhse David Lloyd George, an buachaill a tógadh i dtigín bheag agus ar deineadh Taoiseach de sa Chéad Chogadh Domhanda.

Ar an taobh eile de Pwllheli, ag Llanbedrog, tá Gailleiré Oriel Plas Glyn-y-Weddw ar fáil. Is teach ollmhór Gothach Victeoiriach atá liostáilte mar ghrád 11* atá ann agus tá sé ar cheann de na gailleiré poiblí is sine sa Bhreatain Bheag. Is féidir cuairt a thabhairt ar na taispeántaisí ealaíne (a athraíonn chuille mhí) nó dul ar siúlóid thart timpeall ar na gairdíní agus taitneamh a bhaint as na radharcanna thar Bhá Cardigan.

Agus tú ag taisteal soir ó Pwllheli trí Porthmadog seasann tú siar in am ag Iarnród Garbhchríoch na Breataine Bige (Porthmadog), áit ar féidir leat dreapadh ar cheann de na hinnill agus thú féin a chur ar an eolas ar chonas a oibríonn na nithe éagsúla sna tigíní innill.

Tá an ceantair iontach Portmeirion suite míle go leith ó dheas ó Porthmadog. Ba é Sir Clough Williams-Ellis a chruthaigh an baile do-sháraithe seo agus is ann a thabharfaidh tú faoi dearadh gur tháinig a bhrionglóid fíor.

DEISCEART SNOWDONIA

Thíos an chósta tá an caladh agus láithreáin cois farraige, Barmouth, ar fáil. Is ionad mór tógáil longa agus loingseoireacht ón 18ú agus 19ú haois atá ann agus is féidir níos mó eolais a fháil ar an oidhreacht mara seo in Institiúd na Mairnéalaigh atá suite ar na céanna ag Barmouth/ Ar y Cei yn Abermaw.

Níos faide thíos ar an gcósta ag Tywyn, tógann an Iarnród Talyllyn, a dhéanadh ollmhairiú ar sláta, paisinéirí an 7 míle chuig Abergynolwyn. Is é seo an chéad iarnród a ritheadh ar bhonn deonach ar domhain, agus tá sé ag déanamh seirbhís don ghleann ó 1865 agus tá na traenacha agus caráistí tosaigh fós in úsáid rialta.

I dtreo an intíre Oirthear tá réimse leathan de nithe atá táirgthe ar bhonn áitiúil ar fáil san Ionad Ceardaíochta Corris ina chuid siopaí oibre ceardaíochta. Is an pointe tosaigh é freisin do Labyrinth Rí Arthur. Is féidir leat turas báid a thógáil ar an abhainn agus éisteacht le scéalta faoi Rí Arthur nó turas eolais a dhéanamh ar talamh chun sean scéalta na mBard a fháil.

Is féidir an ceangail idir Snowdonia agus Pennsylvania a aimsiú cúpla mile ó Chorris i Dolgellau san Ionad Oidhreachta Caecer. Is ann a chuirtear ar an eolas muid faoi scéal an lucht chráifeach ó Thuaisceart na Breataine Bige a chuaigh ar imirce chuig Meiriceá sa 18ú haois chun éalú ón daoirse agus ón mbochtanais.

BIA AGUS DEOCH

Más rud é go mbíonn ocras ort agus tú ag taisteal ar fud Snowdonia, b’fhiú stopadh agus do scíth a ligeadh agus taitneamh a bhaint as a bhfuil ar fáil i gCafé Uachtar Reoite Cadwalader. Ní amháin a bhfuil uachtar reoite fíor bhlasta atá déanta le cógaisí rúnda thraidisiúnta Thuaisceart na Breataine Bige ar fáil ann, is féidir taitneamh a bhaint as café atá ar chaighdeán ard, creatháin, smoothies, sundaes agus cístí beaga chomh maith. Tá na caféanna seo ar fáil i Criccieth, Porthmadog, Portmeirion, Betws y Coed, Llandudno agus i Pwllheli.

TEANGA AGUS CULTÚR

Tá an Bhreatnais an cheann de na teangacha is sine san Eoraip agus labhraíonn thart ar bheirt as gach triúr í sa cheantair seo (ana chuid acu úsáidtear í mar a gcéad teanga). Labhraítear an Béarla ann chomh maith.

Ná bíodh faitíos ort dul chuig na ceolchoirmeacha agus imeachtaí Breatnaise mar is cinnte go mbainfeá an-taitneamh astu fiú amháin muna mbíonn an tuiscint agat ar an teanga. Tá cáil ar na cantóirí fireann atá acu ar fud an domhain.

IMEACHTAÍ

Is mó imeachtaí iontacha atá ar fáil i dTuaisceart na Breataine Bige ar fíú cuairt a thabhairt orthu. Tá idir ealaín agus ceardaíocht, fleánna, féilte bia, rásaí agus maratóin, seóanna carranna agus an t-uafás gníomhaíochtaí agus taispeántaisí Nollaig ar fáil ann. Is féidir taitneamh a bhaint as tríd na bliana ar fad. Má tá liosta cuimsitheach uait de na gníomhaíochtaí ar fad is féidir dul ar an line ar www.visitsnowdonia.info nó tabhair cuairt ar na hIonaid Eolais Turasóireachta.

CONAS AN ÁIT A SHROICHINT

Ar Bhóthar
Ón Iar-Thuaisceart: lean an príomhbóthar tapaidh A55 ón M56.
Ó Lár na Tíre: tóg an A5 stairiúil ón M54.
Ó Dheisceart na breataine: is féidir Tuaisceart na Breataine Bige a shroichint go héasca ar an M6, M5 agus ar an M1.

Ar Ráil
Is é an bealach is tapúla ar rail ná an líne ó Londain go Holyhead a thógáil. Leanann sé seo an cósta ó thuaidh den Bhreatain Bheag agus stopann sé ag Prestatyn, Idirghabháil Llandudno agus Bangor ar an mbealach.
Is é an bealach leis na radharcanna is fearr ó Lár na Tíre ná dul ó Shrewsbury chuig Machynlleth agus ansin suas an cósta iarthar ar Líne Cambria chuig Pwillheli.

Ar Bhus
Tá seirbhísí cóiste National Express ó ghréasán bóithre náisiúnta na Breataine chuig Llandudno, Bangor, Caernarfon agus Porthmadog.

Ar Aer
Tógann sé níos lú ná dhá uair a chloig taisteal chuig Snowdonia ó aerphoirt Mancheaster, Learphoill agus Birmingham. Is féidir carr a thógáil amach ar cíos ag na trí suíomhanna sin.

Ar Farraige
Tá seirbhísí rialta tapaidh á rith ag Stena Line agus ag Irish Ferries chuig Holyhead ó Dhún Laoghaire agus ó Bhaile Átha Cliath.

Ar Rothar
Tá roinnt de shuntasaí Snowdonia faoi sheirbhís ag an nGréasán Bóthar Rothaíochta Náisiúnta (ceangail cosáin atá saor ó thrácht). Tabhair cuairt ar www.nationalcyclenetwork.org.uk chun níos mó eolais a lorg.

AG TAISTEAL MÓRTHIMPEALL AGUS TÚ ANSIN

Cuir glaoch ar Traveline chun eolas a fháil ar an gcóras iompar poiblí ar 0870 6082608.

Téigh i dteagmháil le Bus Gwynedd; teil: 01286 679535, agus www.gwynedd.gov.uk/bwsgwynedd chun eolas a fháil ar na seirbhísí busanna, seirbhís Sherpa san áireamh, atá ag feidhmiú thart timpeall ar shléibhte Snowdonia.

 

 

Back to the top.